← Chóiridís líontáin idir crainn leis na mionbheithigh a cheapadh agus ghléasadh gach fear é féin leis na beithigh mhóra a mharú dá mbrisfidís amach as an bhfáinne. 🔊✎
← Deich gcoinníoll eile a chuir Fionn ar gach ábhar Féinne: Slánadh a fháil óna athair agus óna mháthair, óna ghaolta agus óna chine nach n-agróidís a bhás go brách ar aon duine dá marófaí é a fhad a bheadh sé sna Fianna. 🔊
← Sciath agus bata coill a thabhairt leis agus seasamh i log talaimh go gcaithfeadh naonúr laoch a sleátha naoi n-uaire leis in éineacht, agus dá loitfeadh urchar sleá é thar a sciath agus a bhata coill, ní raibh glacadh sna Fianna leis. 🔊✎
← Ní raibh glacadh ansin leis: Dá ligfeadh sé a loit le hurchar sleá. 🔊
← Dá ligfeadh sé crith ar a arm ina láimh. 🔊✎
← Dá mbainfeadh craobhacha na coille dlaoi dá chuid gruaige. 🔊✎
← Dá mbrisfeadh sean-chrann faoina chos. 🔊✎
← Dá ndéanfadh sé é sin uile chaithfeadh sé móid a thabhairt go mbeadh sé umhal urramach do Rí na Féinne agus ansin ghlacfadh Fionn sa bhFiannaíocht é. 🔊✎